For my brother Brian. He's from the angelic realms. I have great time for Pádraig Mac Piarais (also known as Patrick Pearse). He was a beautiful man who spent his summers in the Irish-speaking areas of Ireland learning and writing. This is a beautiful but sad story, presented here in Irish.
EOGHAINÍN NA nÉAN (LITTLE EOIN of the BIRDS)
by Pádraig Mac Piarais (1879-1916)
Comhrá a tharla idir Eoghainín na nÉan agus a mháthair tráthnóna earraigh roimh dhul faoi don ghrian. An chéirseach agus an gealbhan buí a chuala é agus (de réir mar mheasaim) a d'inis do mo chairde, na fáinleoga, é. Na fáinleoga d'inis an scéal domsa.
"Tar uait isteach, a pheata. Tá sé ag éirí fuar."
"Ní fhéadaim corraí go fóill beag, a mháithrín. Tá mé ag fanacht leis na fáinleoga."
"Cé leis, a mhaicín?"
"Leis na fáinleoga. Tá mé 'ceapadh go mbeidh siad anseo anocht."
Bhí Eoghainín in airde ar an aill mhór a bhí láimh le binn an tí, é socraithe go deas ar a mullach agus cúl bán a chinn le bun na fuinseoige a bhí á fhoscadh. Bhí a cheann crochta aige, agus é ag breathnú uaidh ó dheas. D'fhéach a mháthair suas air. B'fhacthas di go raibh a chuid gruaige ina hór buí san áit a raibh an ghrian ag scalladh ar a chloigeann.
"Agus cé as a bhfuil siad ag teacht, a leanbh?"
"Ón Domhan Theas -- an áit a mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí. Tá mé ag fanacht leo le seachtain."
"Ach cá bhfios duit gur anocht a thiocfaidh siad?"
"Níl a fhios agam, ach mé á cheapadh. Ba mhithid dóibh bheith anseo lá ar bith feasta. Is cuimhneach liom gur cothrom an lae inniu go díreach tháinig siad anuraidh. Bhí mé ag teacht aníos ón tobar nuair a chuala mé a gceiliúr -- ceiliúr binn meidhreach mar bheidís ag rá: 'Táimid chugat arís, a Eoghainín! Scéala chugat ón Domhan Theas!' -- agus ansin d'eitil ceann acu tharam -- chuimil a sciathán do mo leiceann."
Ní cúram a rá gur chuir an chaint seo an-ionadh ar an máthair. Níor labhair Eoghainín mar sin léi riamh roimhe. B'fheasach di gur chuir sé an-suim sna héanlaith agus gur iomaí uair a chaitheadh sé sa choill nó cois trá "ag caint leo" mar a deireadh sé.
Ach níor thuig sí cén fáth a mbeadh fonn chomh mór sin air na fáinleoga a fheiceáil chuige arís. D'aithin sí ar a aghaidh, chomh maith lena ghlórtha béil, go raibh sé ag síorsmaoineamh ar rud éigin a bhí ag déanamh imní dó. Agus tháinig roinnt míshuaimhnis ar an mbean chroí í féin, ní nach ionadh.
"Dar ndó, is aisteach an chaint ó pháiste í," ar sise ina hintinn féin.
Níor labhair sí smid os ard, ámh, ach í ag éisteacht le gach focal dá dtáinig amach as a bhéal.
"Tá mé an-uaigneach ó d'fhág siad mé sa bhfómhar," a deir an gasúr beag arís, mar dhuine a bheadh ag caint leis féin. "Bíonn an oiread sin acu le rá liom. Ní ionann iad agus an chéirseach nó an gealbhan buí a chaitheann bunáite a saoil cois an chlaí sa gharraí. Bíonn scéalta iontacha le haithris acu i dtaobh na gcríoch a mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí iontu; agus i dtaobh na bhfarraigí fiáine san áit a mbáitear na loingis; agus i dtaobh na gcathracha aolgheala a mbíonn na ríthe ina gcónaí iontu. Is fada fada an bealach é ón Domhan Theas go dtí an tír seo: feiceann siad gach uile rud ag teacht dóibh, is ní dhéanann siad dearmad ar dhada. Is fada liom uaim iad."
"Tar isteach, a ghrá ghil, is téigh a chodladh. Préachfar leis an bhfuacht thú má fhanann tú amuigh i bhfad eile."
"Gabhfaidh mé isteach ar ball beag, a mháithrín. Níor mhaith liom iad a theacht agus gan mé anseo le fáilte a chur rompu. Bheadh ionadh orthu."
Chonaic an mháthair nach raibh aon mhaith a bheith leis. Chuaigh sí isteach go buartha. Ghlan sí an bord agus na cathaoireacha. Nigh sí na scálaí is na miasa. Rug sí ar an scuab agus scuab sí an t-urlár. Scól sí an túlán agus na corcáin. Dheasaigh sí an lampa agus chroch ar an mballa é. Chuir sí tuilleadh móna ar an tine.
Rinne sí céad rud eile nár ghá di a dhéanamh. Ansin shuigh sí os comhair na tine ag smaoineamh di féin.
Tháinig píobaire na gríosaí amach agus thosaigh ar a phort croíúil. D'fhan an mháthair cois teallaigh ag smaoineamh.
D'fhan an gasúr beag ar a shuíochán aerach ag faire. Tháinig na ba abhaile ón gcimín. Ghlaoigh an chearc chuici ar a héiníní. Chuaigh an lon dubh is an dreoilín is miondaoine eile na coille a chodladh. Coisceadh ar dhordán na gcuileog is ar mhéiligh na n-uan.
D'ísligh an ghrian go mall go raibh sí in aice le bun na spéire, go raibh sí go díreach ar bhun na spéire, go raibh sí faoi bhun na spéire. Shéid gála fuar anoir. Leath an dorchadas ar an talamh. Faoi dheireadh tháinig Eoghainín isteach.
"Is baolach nach dtiocfaidh siad anocht," ar seisean. "B'fhéidir le Dia go dtiocfaidís amárach."
* * *
Tháinig an mhaidin lá árna mhárach. Bhí Eoghainín ina shuí go moch agus é ag faire amach ó mhullach na haille. Tháinig an oíche. Ach, mo léan! níor tháinig na fáinleoga.
"B'fhéidir go bhfeicfimis chugainn amárach iad," arsa Eoghainín agus é ag teacht isteach go brónach an oíche sin.
Ach ní fhaca siad. Ná ní fhaca siad chucu iad an lá ina dhiaidh sin ná an lá ina dhiaidh sin arís. Agus séard a deireadh Eoghainín gach oíche ag teacht isteach dó:
"B'fhéidir go mbeidís chugainn amárach."
Tháinig tráthnóna aoibhinn i ndeireadh an Aibreáin. Bhí an t-aer glan fionnuar tar éis múir bháistí. Bhí solas iontach sa domhan thiar. Bhí séis cheoil ag na héanlaith sa choill. Bhí duan dá chanadh ag an tonnta ar an trá. Ach bhí uaigneas ar chroí an mhalraigh agus é ag fanacht leis na fáinleoga.
Cluineadh go tobann glór nár cluineadh san áit sin le tuilleadh agus leathbhliain -- glór beag bídeach, glór fann fíorbhinn, ceiliúr mear meidhreach, agus é neamhchosúil le haon cheiliúr eile dá dtagann ó ghob éin.
Le luas lasrach thiomáin toirt bheag dhubh aneas. Í ag eitilt go hard san aer. Dhá sciathán leathana láidre uirthi. Déanamh gabhláin ar a heireaball. Í ag gearradh na slí roimpi mar shaighead a chaithfí as bogha. D'ísligh sí go tobann, d'iompaigh sí, d'éirigh arís, d'ísligh is d'iompaigh arís.
Ansin rinne sí caol díreach ar Eoghainín, í ag labhairt in ard a gutha, gur luigh is gur neadaigh sí i mbrollach an ghasúirín tar éis a taistil fhada ón Domhan Theas.
"Ó! mo ghrá thú, mo ghrá thú!". arsa Eoghainín, á tógáil ina dhá láimh is á pógadh ar an gcloignín dubh, "Is É do bheatha chugam ó na críocha coimhthíocha! Bhfuil tú tuirseach tar éis d'aistir uaignigh thar tailte agus thar farraigí?
"Óra, mo mhíle míle grá thú, a theachtaire bhig álainn ón tír ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí! Cá bhfuil do chompánaigh uait? Nó céard d'éirigh daoibh ar an mbóthar? Nó cé nach dtáinig sibh roimhe seo?"
A fhad is bhí sé ag labhairt mar seo leis na bhfáinleog, á pógadh arís is arís eile agus ag cuimilt a láimhe go grámhar dá sciatháin dúghorma, dá scornach bheag dhearg, agus dá brollach geal cluthar, sheol éinín eile aneas agus thuirling ina n-aice. D'éirigh an dá éan san aer ansin, agus is é an chéad áit eile ar luigh siad ina nead bheag féin a bhí folaithe san eidhneán a bhí ag fás go tiubh ar bhallaí an tí.
"Tá siad ar fáil sa deireadh, a mháithrín!" arsa Eoghainín, agus é ag rith isteach go lúcháireach. "Tá na fáinleoga ar fáil sa deireadh! Tháinig péire anocht -- an péire a bhfuil a nead os cionn m'fhuinneoigese. Beidh an chuid eile chugainn amárach."
Chrom an mháthair agus theann sí léi é. Ansin chuir sí paidir chun Dé os íseal, ag gabháil bhuíochais Leis as ucht na fáinleoga a sheoladh chucu. An lasair a bhí i súile an mhalraigh, chuirfeadh sí aoibhneas ar chroí máthar ar bith.
Bá shámh é codladh Eoghainín an oíche sin.
* * *
Tháinig na fáinleoga i ndiaidh a chéile anois -- ina gceann is ina gceann ar dtús, ina bpéire is ina bpéire ansin, agus faoi dheireadh ina scataí beaga.
Nach orthu a bhí an t-áthas nuair a chonaic siad an tseanáit arís! An choill bheag agus an sruthlán ag gluaiseacht tríthi; an trá gheal ghainmheach; na fuinseoga a bhí in aice an tí; an teach féin agus na sean-neadacha go díreach mar d'fhág siad iad leathbhliain roimhe sin. Ní raibh athrú ar dhada ach amháin ar an mbuachaill beag.
Bhí seisean níos ciúine agus níos míne ná bhíodh. Ba mhinice ina shuí é ná ag rith leis féin ar fud na ngarraithe mar ba ghnách leis roimhe sin. Níor cluineadh ag gáire ná ag gabháil fhoinn é chomh minic is a chluintí.
Má thug na fáinleoga an méid seo faoi deara, agus ní déarfainn nár thug, is cinnte go raibh brón orthu faoi.
Chuaigh an samhradh thart. B'annamh a chorraíodh Eoghainín amach ar an tsráid, ach é ina shuí go sásta ar mhullach na haille ag féachaint ar na fáinleoga agus ag éisteacht lena gceiliúr.
Chaitheadh sé na huaireanta mar sin. Ba mhinic ann é ó mhoch na maidine gur tháinig an "tráthnóna gréine buí"; agus ag dul isteach dó gach oíche bhíodh an-chuimse scéalta -- scéalta áille iontacha -- aige le hinsint dá mháthair. Nuair a cheistíodh sise é faoi na scéalta seo, deireadh sé i gcónaí léi gurb ó na fáinleoga a d'fhaigheadh sé iad.
Bheannaigh an sagart isteach tráthnóna.
"Cén chaoi a bhfuil Eoghainín na nÉan an aimsir seo, a Eibhlín?" ar seisean. ("Eoghainín na nÉan" a bhí mar ainm ag na malraigh eile air i ngeall ar an gcion a bhí aige do na héanlaith.)
"Maise, a Athair, ní raibh sé chomh maith le fada an lá is atá sé ó tháinig an samhradh. Tá luisne ina leicne nach bhfaca mé iontu riamh roimhe."
Bhreathnaigh an sagart go géar uirthi. Thug seisean an luisne sin faoi deara le tamall, ach má thug, níor mheall sí é. Thug daoine eile faoi deara, freisin, í agus, má thug, níor mheall sí iad. Ach ba léir gur mheall sí an mháthair. Bhí deora i súile an tsagairt, ach bhí Eibhlín ag fadú na tine is ní fhaca sí iad. Bhí tocht ina ghlór nuair a labhair sé arís, ach ní thug an mháthair faoi deara é.
"Cá bhfuil Eoghainín anois, a Eibhlín?"
"Tá sé ina shuí ar an aill amuigh 'ag caint leis na fáinleoga', mar a deireann sé féin. Is iontach an cion atá aige do na héiníní sin. Bhfuil a fhios agat, a Athair, céard dúirt sé liom an lá cheana?"
"Níl a fhios, a Eibhlín."
"Bhí sé á rá gur gearr anois go mbeidh na fáinleoga ag imeacht uainn arís, agus ar seisean liom go tobann: 'Céard a dhéanfá, a mháithrín,' ar seisean, 'dá n-éalaínnse uait leis na fáinleoga?'"
"Agus céard a dúirt tusa, a Eibhlín?"
"Dúirt mé leis scuabadh leis amach agus gan bheith do mo bhodhrú. Ach táim ag cuimhniú riamh ó shin ar an rud a dúirt sé agus tá sé ag déanamh buartha dom. Nárbh aisteach an smaoineamh dó é, a Athair -- é imeacht leis na fáinleoga?"
"Is mó smaoineamh aisteach a thagann isteach i gcroí páiste," arsa an sagart. Agus thug sé an doras amach air féin gan focal eile a rá.
* * *
"Ag brionglóidigh mar is gnách leat, a Eoghainín?"
"Ní hea, a Athair. Tá mé ag caint leis na fáinleoga."
"Ag caint leo?"
"Sea, a Athair. Bímid ag caint le chéile i gcónaí."
"Agus cogar. Céard a bhíonn sibh a rá le chéile?"
"Bímid ag caint ar na críocha i bhfad uainn a mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí iontu, agus ar na farraigí fiáine san áit a mbáitear na loingis, agus ar na cathracha aolgheala a gcónaíonn na ríthe iontu."
Tháinig ionadh a chroí ar an sagart mar tháinig ar an máthair roimhe sin.
"Tusa a bhíonn ag cur síos ar na nithe seo agus iadsan ag éisteacht leat, is cosúil?"
"Ní mé, a Athair. Iadsan is mó a bhíonn ag caint agus mise ag éisteacht leo."
"Agus an dtuigeann tú a gcuid cainte, a Eoghainín?"
"Tuigim, a Athair. Nach dtuigeann tusa í?"
"Ní go rómhaith a thuigim í. Déan áit dom ar an aill ansin agus suífidh mé tamall go míní tú dom céard bhíonn siad a rá."
Suas leis an sagart ar an aill agus shuigh le hais an ghasúirín. Chuir sé a lámh faoina mhuineál is thosaigh ag baint cainte as.
"Mínigh dom céard a bhíonn na fáinleoga a rá leat, a Eoghainín."
"Is iomaí rud a bhíonn siad a rá liom. Is iomaí scéal breá a insíonn siad dom. An bhfaca tú an t-éinín sin a chuaigh thart anois díreach, a Athair?"
"Chonaic mé."
"Sin í an scéalaí is cliste orthu ar fad. Tá a nead sin faoin eidhneán atá ag fás os cionn fuinneoige mo sheomrasa. Agus tá nead eile aici sa Domhan Theas -- aici féin is ag a céile."
"An bhfuil, a Eoghainín?"
"Tá -- nead bheag álainn eile na mílte is na mílte míle as seo. Nach aisteach an scéal é, a Athair? -- a rá go bhfuil dhá theach ag an bhfáinleoigín agus gan againne ach aon teach amháin?"
"Is aisteach go deimhin. Agus cén sórt tíre ina bhfuil an teach eile seo aici?"
"Nuair a dhúnaim mo shúile feicim tír uaigneach áibhéil. Feicim anois í, a Athair! Tír iontach uafaí. Níl sliabh ná cnoc ná gleann inti, ach í ina machaire mór réidh gainmheach. Níl coill ná féar ná fás inti, ach an talamh chomh lom le croí do bhoise. Gaineamh ar fad. Gaineamh faoi do chosa. Gaineamh ar gach taobh díot. An ghrian ag spalpadh os do chionn. Gan néal ar bith le feiceáil sa spéir. É go han-te.
"Anseo is ansiúd tá ball beag féarach mar a bheadh oileáinín i lár farraige. Cúpla crann ard ag fás ar gach ball acu. Foscadh ó ghaoth agus ó ghrian acu. Feicim ar oileán de na hoileáin sin aill ard. Aill mhór mhillteach. Tá scoilt san aill, agus sa scoilt sin tá nead fáinleoigín. Sin í nead m'fháinleoigínse."
"Cé d'inis an méid seo duit, a Eoghainín?"
"An fháinleog. Caitheann sí leath a saoil sa tír sin, í féin is a céile. Nach aoibhinn an saol atá acu ar an oileáinín uaigneach úd i lár na díthreibhe! Ní bhíonn fuacht ná fliche ann, sioc ná sneachta, ach é ina shamhradh i gcónaí...
"Agus ina dhiaidh sin, a Athair, ní dhéanann siad dearmad ar a nead bheag eile anseo in Éirinn, ná ar an gcoill, ná ar an sruthán, ná ar na fuinseoga, ná ormsa, ná ar mo mháthair. Gach bliain san earrach cloiseann siad mar a bheadh cogarnaíl ina gcluais á rá leo go bhfuil na coillte faoi dhuilliúr in Éirinn, is go bhfuil an ghrian ag dealramh ar na bánta, is go bhfuil na huain ag méiligh, is go bhfuilimse ag fanacht leo féin.
"Agus fágann siad slán ag a n-áras sa tír choimhthíoch is imíonn siad rompu is ní dhéanann siad stad ná cónaí go bhfeiceann siad barr na bhfuinseog uathu agus go gcluineann siad glór na habhann agus méileach na n-uan."
Bhí an sagart ag éisteacht go haireach.
"Ó -- agus nach iontach an t-aistear acu é ón Domhan Theas! Fágann siad an machaire mór gainimh ina ndiaidh agus na sléibhte arda maola atá ar a imeall agus imíonn siad rompu go dtagann siad go dtí an mhuir mhór.
"Amach leo thar an muir ag eitilt i gcónaí 'gcónaí gan tuirse gan traochadh. Feiceann siad thíos uathu na tonnta treathan-mhóra, agus na loingis ag treabhadh na díleann, agus na seolta bána, agus faoileáin agus cailleacha dubha na farraige, agus iontais eile nach bhféadfainn cuimhniú orthu.
"Agus scaití éiríonn gaoth agus gála agus feiceann siad na longa dá mbá agus na tonnta ag éirí i mullach a chéile; agus bíonn siad féin, na créatúir, dá dtuargain leis an ngaoth agus dá ndalladh leis an mbáisteach agus leis an sáile nó go mbaineann siad amach an tír faoi dheireadh.
"Tamall dóibh ansin ag imeacht rompu agus iad ag féachaint ar pháirceanna féarmhara, is ar choillte barrghlasa is ar chruacha ceannarda, is ar locha leathana, is ar aibhneacha áille, is ar chathracha breátha mar a bheadh i bpictiúir iontacha agus iad ag breathnú orthu síos uathu.
"Feiceann siad daoine ag obair. Cluineann siad beithígh ag géimnigh, agus páistí ag gáire, agus cloig á mbualadh. Ach ní stadann siad ach ag síorimeacht nó go dtagann siad go bruach na mara arís, agus ní sos dóibh ansin go mbuaileann siad tír na hÉireann."
Lean Eoghainín air ag labhairt mar seo ar feadh i bhfad, an sagart ag éisteacht le gach focal dá ndúirt sé. Bhí siad ag seanchas nó gur thit an dorchadas agus gur ghlaoigh an mháthair isteach ar Eoghainín. Chuaigh an sagart abhaile ag machnamh dó féin.
D'imigh an Lúnasa agus an Meán Fómhair. Bhí an Deireadh Fómhair leathchaite. De réir mar bhí na laethanta ag dul i ngiorracht bhí Eoghainín ag éirí níba bhrónaí. B'annamh a labhraíodh sé lena mháthair anois, ach gach oíche roimh dhul a chodladh dó phógadh sé go dil agus go diachrach í agus deireadh sé --
"Glaoigh orm go moch ar maidin, a mháithrín. Is beag an spás atá agam anois. Beidh siad ag imeacht gan mórán moille."
Gheal lá álainn i lár na míosa. Go luath ar maidin thug Eoghainín faoi deara go raibh na fáinleoga ag cruinniú le chéile ar bharr an tí. Níor chorraigh sé óna shuíochán ar feadh an lae sin. Ag teacht isteach dó tráthnóna, ar seisean lena mháthair --
"Beidh siad ag imeacht amárach."
"Cá bhfios duit, a ghrá ghil?"
"Dúirt siad liom inniu é... A mháithrín," ar seisean arís, tar éis scaithimh dó ina thost.
"Céard é féin, a leanbhín?"
"Ní fhéadfaidh mé fanacht anseo nuair a bheidh siad imithe. Caithfidh mé imeacht in éineacht leo... go dtí an tír ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí. Ní bheifeá uaigneach dá n-imínn?"
"Ó! a stór, a mhíle stór thú, ná labhair mar sin liom!" arsa an mháthair ag breith air agus á fháscadh lena croí. "Níl tú le héalú uaim! Ar ndóigh, ní fhágfá do mháithrín agus imeacht i ndiaidh na bhfáinleog?"
Ní dúirt Eoghainín focal ach í phógadh arís is arís.
* * *
Gheal lá eile. Bhí an buachaillín beag ina shuí go moch. Ó thús lae bhí na céadta fáinleog bailithe le chéile ar mhullach an tí. Ó am go ham d'imíodh ceann nó péire acu agus d'fhilleadh arís, mar a bheidís ag breathnú ar an aimsir. Faoi dheireadh d'imigh péire is níor fhill siad. D'imigh péire eile. D'imigh an tríú péire. Bhí siad ag imeacht i ndiaidh a chéile ansin go dtí nár fhan ach aon scata beag amháin ar stuaic an tí. Bhí an péire a tháinig ar dtús, an tráthnóna earraigh úd sé mhí roimhe sin, ar an scata beag seo. Is cosúil go raibh leisce orthu an áit a fhágáil.
Bhí Eoghainín á bhfaire ón aill. Bhí a mháthair ina seasamh lena ais.
D'éirigh an scata beag éiníní san aer agus thug siad aghaidh ar an Domhan Theas. Ag imeacht dóibh thar bharr na coille d'fhill péire ar ais -- an péire a raibh a nead os cionn na fuinneoige.
Anuas leo ón spéir ag déanamh ar Eoghainín. Thart leo ansin, iad ag eitilt in aice leis an talamh. Chuimil a sciatháin de ghrua an ghasúirín agus iad ag scuabadh leo thairis. Suas leo san aer arís, iad ag labhairt go brónach, agus as go brách leo i ndiaidh na coda eile.
"A mháthair," arsa Eoghainín, "tá siad ag glaoch orm. 'Tar uait go dtí an tír a mbíonn an ghrian ag soilsiú i gcónaí inti -- tar uait, a Eoghainín, thar na farraigí fraochta go dtí tír an tsolais -- tar uait, a Eoghainín na nÉan!' Ní fhéadaim iad a eiteach. Beannacht agat, a mháithrín -- mo mhíle míle beannacht agat, a mháithrín mo chroí. Táim ag imeacht uait... thar na farraigí fraochta... go dtí an tír ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí."
Lig sé a cheann siar ar ghualainn a mháthar agus chuir sé osna as. Cluineadh gol mná san áit uaigneach úd -- gol máthar ag caoineadh a páiste.
Bhí Eoghainín imithe i bhfochair na bhfáinleog.
* * *
Chuaigh an fómhar agus an geimhreadh thart agus bhí an t-earrach ar fáil arís. Bhí na coillte faoi dhuilliúr, is na huain ag méiligh, agus an ghrian ag dealramh ar na bánta. Tráthnóna glórmhar san Aibreán tháinig na fáinleoga. Bhí solas iontach ag bun na spéire san iarthar mar a bhí bliain an taca sin. Bhí séis cheoil ag na héanlaith sa choill. Bhí duan dá chanadh ag na tonnta ar an trá.
Ach ní raibh aon ghasúirín fionnbhán ina shuí ar mhullach na haille faoi scáth na bhfuinseog. Istigh sa teach bhí bean aonraic ag caoi cois tine.
"...Is a mhaicín mhuirnigh," ar sise, "feicim na fáinleoga chugam arís, ach ní fheicfidh mé tusa chugam go deo."
Chuala na fáinleoga í agus iad ag dul thar an doras. Níl a fhios agam an gcuala Eoghainín í, mar bhí sé na mílte i gcéin... sa tír ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí.