Conamara -- saothar ealaíne digiteach (2002) le Eoin Dunford
AG FILLEADH AR AN bhFOINSE
Tabhair mé, mar sin, go dtí an abhainn:
Abhainn na mbrionglóidí, abhainn na beatha, abhainn an chreidimh.
Chonaic mé mo bhrionglóidí ag snámh in uisce na habhann;
Cosúil le haon saolré, ní ritheann sí ach san aon treo amháin.
Bíonn an abhainn de shíor ag athrú -- na huiscí, na dathanna.
A ollfhoinse! A bhéal na habhann! Plus ça change plus c'est la même chose.
Cosúil leis an bhfarraige tá timthriall ag an abhainn (cearcal a' chuain).
A uisce bheannaithe atá ann leis na cianta -- des siècles des siècles -- sufficit... le calme...
AG TRIALL LE M'ATHAIR SA CHARR
Tá an t-ádh dearg liom i mo shaol pearsanta
Agus, buíochas le Dia, tá nithe gleoite mórthimpeall orm.
Beidh mé ag dul go dtí McDonalds anois, buíochas le m'athair,
Agus tar éis sin beimid ag triall ar an teach nua.
Buíochas mór le Dia; gabhaim buíochas i gcónaí:
Ba chóir dúinn a bheith buíoch as gach rud.
Anois, nuair a fhéachaim ar rudaí gleoite an domhain
Cuireann siad m'athair i gcuimhne dom.
AG TRIALL TRÍD AN gCOILL
Tá coill deas darb ainm Coilleagán i gcóngar do bhaile Dhún Garbhán
Agus thug m'athair Michael Dunford mise agus Oskar ann le haghaidh turais.
Bhí Abhainn an Choilleagáin féin ag imeacht go tapa (agus duilleoga ar fud na háite).
Bhí na duilleoga go hálainn -- aibhneacha glasa sholas thitim na gaoithe! Gar don teach...
AISTRIÚCHÁN ÓN MEÁN-BHÉARLA
Mo léan, conas ar cheart dom canadh?
Tá mo shúgradh imithe leis an ngaoth.
In éineacht leis an seanfhear sin... in éineacht leis an seanfhear sin...
Conas ar cheart dom maireachtáil... agus mo leannán uasal a ligean le gaoth?
Éireannach is ea mé. Is as Éirinn dom féin... dom féin...
Canaim do mholadh, a thír rónaofa na hÉireann. A chara, a chara uasail:
Ba mhian liom -- más maith leat féin -- go dtiocfaidh tú anseo
Chun damhsa a dhéanamh in éineacht liom... in Éirinn.
ALBA (AISTRIÚCHÁN Ó EZRA POUND)
Chomh fionnuar le duilleoga fliucha mílítheacha lile an ghleanna
Luigh sí le m'ais nuair a bhris an ghrian isteach trí na fuinneoga.
AN AIMSIR LÁITHREACH
Níl againn ach an aimsir láithreach
Ag deireadh an lae, ag tosach gach lae,
Níl ann i ndeireadh na dála ach an t-ádh
Agus an aimsir láithreach seo --
Maintenant -- atá idir lámha againn, tá a fhios agat,
Agus ár n-uaslámha déanta as cré agus deannach.
Is é sin atá ann -- an cré, an deannach, an solas
Agus an solas sin uileláithreach nó mórthimpeall orainn
Go léir... is é sin atá ann, IMTF, i ndeireadh na dála.
Sufficit. Sufficit. La vie immédiate.
Le calme. Le calme.
An fharraige ag dul isteach agus amach ar an uaschladach.
AN ANÁIL
Thit mé síos
Go borb.
Rith mé suas
Go mear.
Thit mé síos arís --
Mé ag cur fola.
Rith mé suas go mear --
Cnoc -- an anáil...
AN BALLA
Ar bhalla sa chathair
chonaic mé focail nár thaitin liom
a bhain leis an bpolaitíocht
agus leis an mbás.
Bhí siad scríofa i bpéint
i measc eidhneáin.
Bhuail smaoineamh dom láithreach
gur cheart go ndíothófaí an teachtaireacht,
í a stróiceadh den bhalla:
ach bhí an t-eidhneán ar an mballa,
beatha ghlas ag fás suas
ó thalamh na hÉireann
á athghabháil.
AN CHATHAIR
Ní raibh mé riamh sa chathair
Áirithe sin. Leathleathanach bán atá ann
Mar gheall orm féin; níl cur amach na cathrach
Sin ar eolas agam. Seans
Go rachaidh mé go dtí an chathair
Chun suí sa ghairdín atá i lomlár na cathrach
Agus go seolfaidh sise anall ó thaobh eile
Na cathrach, agus go mbeidh sa chathair ansin
Leathanach iomlán chomh maith le
Leathanach glan.
AN FEAR ÓG GAN CHIALL
Dar leis an bhfear óg, atá ina mheisceoir, is féidir leis
Teacht isteach agus amach sa chaifé ar nós na gaoithe agus
Beireann sé greim ar bhord (atá folamh). Tosaíonn sé ag tairngreacht
Ach níl sa stuif seo ach raiméis a thagann ón drabhlás.
Agus an meisceoir seo beag beann ar thaitneamh ciallmhar dhaoine eile
Déanann sé amadán agus asal iomlán as féin. Tógann sé
Cúpla pingin rua óna phóca beag bídeach agus, go sotalach,
Iarrann sé ar deoch amháin eile: níl ann ach aon deoch amháin...
Iarrann an t-amadán óg ar an deoch áirithe seo ach, ina chroí agus faoi rún,
B'fhearr leis a bheith marbh -- b'fhéidir go mbeidh sé ar an gcaoi sin i gceann tamaill. Anois,
Tá praiseach déanta ag an meisceoir -- dá féin, den chaifé, agus de thaitneamh ciallmhar
Na ndaoine eile atá ann nach raibh ag cur isteach ná amach air le tosú amach.
Faigheann sé tinn, agus gach éinne eile ag fonóid faoi agus iad go léir ag gáire.
AN FHUINNEOG AG OSCAILT
Oscail an fhuinneog.
Tiocfaidh an solas isteach.
Go luath beidh an solas dár mbá
Anseo sa seomra bídeach.
Oscail an fhuinneog.
Briseann an solas trí fhuinneog na cruinne
Agus tá an solas sin anois dár mbá.
Osclaíonn an fhuinneog
Agus titeann solas ó na spéartha
Isteach sa seomra seo againn.
AN ÍSILTÍR
Bhí mé ar na mótarbhealaí san Ísiltír
In 1998 le mo chlann agus an ceathrar againn
Ag triall ar an droichead nua thuas sa Danmhairg
Le dul thall, faoi dheireadh, go dtí an tSualainn.
Bhí an carr ag taisteal go hard os cionn na tuaithe
Ar chlaí Ollannach, agus tithe gloine ar fud na háite, ar an dá thaobh,
Thíos faoin mótarbhealach. Tiúilipí agus torthaí eile de gach aon saghas.
Mílte agus mílte de thithe gloine gleoite, ach iad go léir cúngaithe is faoi bhrú.
AN RIAN GLAS
Bím ag siúl ar an rian glas áitiúil uair amháin sa tseachtain
Le cara liom. Tá duilliúr álainn ar an dá thaobh den chonair.
Tumann m'anam isteach sa duilliúr seo agus mé ag déanamh na siúlóide
Agus bristear síos gach deighilt idir an saol nádúrtha agus mise mar dhuine.
AN tSAMHLAÍOCHT
Maidir leis an amhrán nach labharfaidh mé choíche! Thit sé ina chodladh ar bharr mo theanga
Agus mé ag triall go mall tríd an bhfásach go dtí áit a bhfuil duine tábhachtach agus uasal
Tar éis a chruinniú leis an mBedouin agus an Touareg ag teorainn gan duine gan deoraí.
Maidir leis an amhrán nach labharfaidh mé choíche... tá an ghrian tar éis a bheith ag druidim isteach ar chladach an locha.
Ansin briseann ceol amach ar mo bheola; is ionann an ceol seo agus glaonna an ama
Ag doirteadh anuas trí na haoiseanna. Líonann an ceol uasal seo suas na huaireanna
A chuir mé amú, tráth, sna scáileanna. A cheoil naofa! A cheol na réalta
Agus na réalta sin ag seasamh amach go suntasach ar spéir atá síoraí...
AN tSIÚLÓID
Bím ag siúl ar na laethanta seo! siúlaim ar feadh
Dhá mhíle (gach aon uile lá isteach agus amach).
Tá mé ag cur fúm faoin tuath, agus ar an ábhar sin bím ag dul thar bhráid
Cora agus castaí, ba sna goirt agus srutháin ghleoite atá,
Sa bhaile fearainn nó sa dúiche seo,
Ag imeacht le fuinneamh is go bríomhar.
Anois, tá radharc álainn ag cor amháin nó cúinne:
Radharc thar a bheith luachmhar thar sruthán beag.
A Athair: is tusa an fhís deiridh nach féidir aon luach a chur air.
Siúil liom chomh fada leis an gcúinne -- agus bainfidh mé sult as bheith in éineacht leat.
AN tUISCE
Níl trácht á dhéanamh agam anseo ar uisce beannaithe
Ach ar uisce mar rud atá, ann féin, naofa.
Tá mé díreach tar éis gloine uisce a ól
Agus bím go minic ag féachaint amach ar an mbáisteach.
Cuimsíonn uisce (atá naofa) 70% de dhromchla ár ndomhain.
Cabhraíonn an t-uisce leis an bhféar chun fás -- tógann sin an-chuid ama, faraor --
Ach tá rud amháin (rud bunúsach) ar eolas agam.
Beidh mé i ngrá leat go dtí go dtagann an fásach féin i dtír ar na farraigí atá luaite agam.
ANDÓRA
Bhí mise agus mo thuismitheoirí ag fanacht ar ionad campála in Andóra thiar in 2002
Agus bhí mac tíre ag féachaint isteach orainn thar an balla ard ag cúl na páirce.
Bhíodh sé ann beagnach an t-am ar fad agus mar sin ní bhíodh gá le clog aláraim sna maidineacha.
Bhí an mac tíre uasal úd ar aon aigne, buíochas le Dia, leis an nádúr, le rithim an ama.
AONTAITHE LEIS AN LOGOS
Tá mé aontaithe leis an Logos
Agus mé ag snámh i ngach dath, i ngach ceol.
Tá mé aontaithe (anois) le mo namhaid
Ós rud é nach bhfuil ann ach aon dearbh-bhráithreachas,
Ar fud gach tíre, ar fud an domhain, ar fud na cruinne,
Ós rud é féin go bhfuil an chruinne -- la paix, toujours et maintenant -- neamhroinnte ina héadan féin.
AR LÁR
Tá mé ar lár, ar bhealach, i láthair na huaire,
Ag snámh i bhfarraigí nach bhfuil socair;
Tabhair dom do lámh, más é do thoil é,
Ionas go gcruthóimid rud éigin buan.
ATHUAIR
Tá mo shaol curtha amú agam
Ar bhealach.
A shaol! Bhí mé i ngrá leat tráth
Ach rinne tú feall orm --
Póg marfach! --
Is tú gan aon leannán anois.
AVATAR
Níl craiceann gorm againn
Ach bhíomar thíos le fada go leor.
Chonaic mé sa scannán
Tsu'tey ag titim i lár catha
Agus tháinig lionn dubh mór
Ar mo chroí -- seans go mbeadh
Spéis faoi leith ag na hÉireannaigh in Avatar:
Féadaimis ár gcuimhní a íos... agus... an gcreidfeá... a uaslódáil
Ag crann naofa na ndaoine; féadaimis snámh le chéile
In linn ghorm uasal na héigríochta.
BAINNE
Bainne
ag Liam
ina mhála
aige
agus muid ag suí
i bpub
sa chathair
ag caint
Bainne ag Liam
sa chathair
BLÁTH AN DÓCHAIS
Tháinig bláth an dóchais amach as ithir
Dhorcha na haibhéise, tháinig, tháinig, tháinig,
Tagann agus tiocfaidh, agus is éard atá thart air ná
An solas gorm agus órga a thagann isteach ar an gcósta.
CÉ ACU
Cé acu is láidre? An Té
Nó dealbh an fholúis?
Níl an folús ann ach sa tsamhlaíocht
Agus is ionann an Té
Atá
Luaite
Thuas ansin
Agus an Briathar
A bhíonn,
A bhíonn,
A bhíonn
Sa tsamhlaíocht
Agus amach
As an áit sin.
CEOL CLASAICEACH
Is maith liom popcheol. Is maith liom ceol clasaiceach. Is maith liom ceol maith
Ar nós cheol na farraige, ceol na mara; agus mé ag éisteacht le ceol clasaiceach uair amháin
Bhí saghas eipeafáine agam, saghas NDE -- na réaltaí ag seasamh amach go suntasach ar an spéir!
Chuala mé sa ghluaiseacht áirithe sin leictreachas ag rith siar trí na cianta,
Bhuail mé leis an mBriathar; ghlac mé páirt san ollphléasc a thit amach ag tús an lae.
Tháinig mór- agus mionchlaochlaithe ar dhathanna na gluaiseachta sin,
Agus gan rabhadh d'éalaigh an spás, an t-am, agus gach diminsean i bhfad
As radharc: thit mé amach, leis sin, as seomra suarach stair na cruinne seo,
Agus bhuail mé le duine eile -- mé féin, ach ní mé féin a bhí ann
(Mourir de ne pas mourir) -- ar an mbealach ar ais a ritheann go dtí an Fhoinse.
CHUN AN FHÍRINNE A RÁ
An féidir leatsa siúl ar na tonnta?
D'fhéadfadh an Té. Tiocfaidh sé
Ar thonnta móra an aeir, chun an fhírinne a rá
Ní féidir liom na focail a chreidiúint.
CILL NA bhFRAOCHÁN SA SAMHRADH
Is é samhradh 2016 atá ann
Agus tá borradh ar an duilliúr.
Is breá liom an duilliúr atá ar fud na háite
Thart ar Chill na bhFraochán.
Bímid ag gluaiseacht ar chnoc Chill na bhFraochán
Lá isteach lá spéartha gorma amach.
Tá tús ar mo shaol ar na laethanta seo
Agus an saol sin chomh dathúil is a bhí sé riamh.
CLAOCHLÚ A CHUR I gCRÍCH I MO SHAOL FÉIN
Críostaíocht
A chur le chéile le Buddhadharma
(Neamhaird a dhéanamh de cheangail)
Agus smaointeoireacht dearfach a thabhairt isteach
San áireamh dom féin ar bhonn pearsanta chomh maith.
La vraie spiritualité. Na toitíní damanta sin a sheachaint
Agus fáil réidh leis an gcaife, mar cuireann sin isteach go mór
Ar an smaointeoireacht dearfach -- cad atá i gceist agamsa leis seo (?).
(Is mebul dom imrádud.)
Súil ghéar a choimeád ar mo chuid smaointe, ar an ábhar sin.
Fáil réidh le gach aon uile fhuíollsmaoineamh
Agus fáil réidh le gach smaoineamh neamhthorthúil.
COSÚIL LE hORÁISTE
Tá an domhan anocht cosúil le horáiste
Nach bhfuil aibí níos mó.
Osclaíonn an oráiste sin -- an fhuinneog --
Agus doirteann solas isteach
Cosúil leis an solas trí ghrúpa duilleog,
Rud a fhágfaidh go mbeidh áilleacht ann
Amach anseo;
Go luath amach anseo.
CÚCHULAIND NA hUAISLEACHTA
Níl ann ach an t-am
Féin atá ag druidim anuas
Na gcraobhacha -- Cúchulaind
Agus a leithéid de mhianach.
DÁN
Bhíomar ag argóint faoi airgead.
Níl ann ach an t-am agus na céadfaí.
Bhí sise ann, agus an hwyl.
Tagann duine éigin go dtí an fhuinneog.
DÉANFAIDH MÉ DÁN
Déanfaidh mé dán
As rud, as máchail, as seoid...
Éiríonn an mháchail ina chomhartha iontach den Té...
An tUilechumhachtach... a shéadchomhartha...
EALAÍONTÓIR
Bhínn ceann faoi
Agus mo thuismitheoirí ag caint
Lena chéile ag an mbord...
"Cuir suas do cheann," a bhíodh m'athair á rá.
"Tá mé ag breathnú ar áilleacht an urláir," ar mise.
"Cuir suas do cheann láithreach," ar seisean. Buíochas.
EANÁIR 2019 (MAR GHEALL AR MO CHUID FILÍOCHTA)
Bhí Nollaig naofa agam
Buíochas le Dia --
Ach, is oth liom a rá, tá mo chuid filíochta féin
Ar an méar fhada ar na laethanta seo!
Tá mé ar an tae agus uisce, bíonn an dá rud seo
Á thógáil agam go minic -- cabhraíonn siad le mo chruthaitheacht.
Tá rud éigin i gceist leis an uisce, nach bhfuil,
Uisce fíorghlan ag rith siar trí na haoiseanna!?
Is ionann, mar sin, filíocht agus uisce (i mo thuairim féin!).
Tá an dá rud atá faoi chaibidil agam anseo fíor, glan, naofa.
Mo rún do 2019... baint a bheith agam leis an dá rud seo, agus, chomh maith,
An bhaint atá ann eatarthu, dianmhachnamh a dhéanamh mar gheall ar sin.
ENFANT AUX MAINS COUPÉES PARMI LES ROSES TRANSPARENTES
Páiste! A chroí.
Feicfidh mé thú nuair a shroicheann tú an áit.
Ní féidir leat feiceáil sa saol seo -- tá tú "dall."
Tugaim mé féin duit (más féidir).
EOIN PÓL
ag cumadh filíochta sa chairéal cumannach
na focail ag criostalú le gach buille den phiocóid
machnamh ag bualadh trína intinn mar leictreachas
ag déanamh uisce de chloch
FAN GO bhFEICE TÚ
Fan go bhfeice tú.
Tá na capaill anois ag damhsa.
Fan go bhfeice tú.
Tiocfaidh an solas isteach ar an domhan.
Tá na capaill -- fiú anois -- ag damhsa
Agus tiocfaidh an solas sin isteach ar an domhan:
Domhan nach bhfuil aibí níos mó,
Domhan a fhanann, domhan a fhanann.
FAOI THALAMH (AISTRIÚCHÁN Ó EZRA POUND)
Taispeánadh na n-aghaidheanna seo sa slua;
Peitil ar ghéag fhliuch dhubh.
FILÍOCHT
Go háirithe sa Bhéarla: mar tá stór focal (le bheith ionraic!)
Níos leithne agam; bhuel, faighimse go bhfuil 2 bhealach an fhilíocht a chruthú.
Féidir liom stíl shimplí a chur i gcrích agus mé ag scríobh nó ar an lámh eile
Féidir liom a dhul thar barr agus gach aon uile conbhlóid a chasadh amach.
Ba chóir stíl shimplí a úsáid, mothaím. Ba cheart agus ba chóir amach agus amach
Bualadh leis an bhfaighteoir ag a leibhéal féin agus -- mar sin féin --
Ba cheart go dtiocfadh filíocht go díreach ón gcroí
(Ní thagann sé ar ais folamh i mo thuairimse).
GAIRDÍN AN tSAOI
Tá faoiseamh le fáil
I ngairdín áirithe
I lár cathrach
I dtír i gcéin.
Tá an gairdín lán le
hAinmhithe fiáine,
Agus bíonn a chuid blátha ag gáire
De ló is d'oíche.
Tá saoi sa ghairdín,
Sagart chreideamh ársa,
Agus tugann sé faoistin
Dóibh siúd a thagann.
Suíonn mo dhuine
Ar charraig sa ghairdín,
Is fiú nach gcreideann an chathair
Ina chreideamh seanbhunaithe
Suíonn sé ar an gcarraig
Ós rud é go bhfuil sé foirfe.
GAN TEIDEAL
Treoraíonn piolóin na n-aingeal leictreachas isteach i mo shaol
Agus amach athuair,
Leictreachas a ritheann cosúil le habhainn na beatha,
Abhainn an chreidimh, abhainn ollmhór an neamh-chomhfheasa.
Feicim an Bedouin agus an Touareg, feicim na camaill agus iad ceangailte le cuaille solais
Ag ósais i gceartlár na Góibí nó sa Kalahari nach bhfuil ar focal.ie.
Feicim seanlaoch uasal agus é ag fáil bháis i nglóir na catha!
Na bláthanna! An leon! An bhean! Rithim ar shráideanna oirthearacha:
No gilded cage... Inis Abhlach... oráistí... liomóidí... Kathmandu. Is éard
Atá i gceist agam leis an raiméis atá thuasluaite ná smaoineamh glas, agus é ag snámh go sásta in imir ghlas.
I MO SHAOL FÉIN
Tá cara agam Steve. Anois,
Dúirt Steve liom tráth
Agus muid ag caint le chéile go mbeadh
An saol seo suarach ar fad gan chairde
Agus nach bhfuil an ceart aige.
Tá an rud ceannann céanna fíor ó thaobh clanna de.
Tá mo dheartháir ag teacht thart chugam go luath inniu
Ach, agus an dán seo á scríobh, tá mo bheirt thuismitheoirí ar saoire
Sa Phortaingéil -- agus mothaím uaim iad. Mar gheall ar chomhrá mo charad
Steve (thuasluaite sa dán agam)... bhuel, nuair nach raibh mé dáiríre ar fónamh
D'fhan siad uilig ann nó i láthair dom, mo chlann ar fad, mo chairde ar fad;
D'éirigh leo i scrúdú ollmhór áirithe seo an tsaoil.
I nDEIREADH NA DÁLA
Níl ann i ndeireadh na dála
Ach sise, agus an hwyl,
Agus an fhuinneog (na fuinneoga)...
Agus an solas;
LÁ AMHÁIN
Lá amháin
Ar chladaí airgid.
Go dtí an lá sin
Féachaim isteach sna scillingnithe
Chun a aghaidh a fheiceáil.
Féachaim sa chré,
Agus is i measc an bhruscair is na mbláthanna
A aimsítear é (i gcónaí!).
LEICTREACHAS
Treoraíonn na hollphiolóin
Uisce an lá atá inniu ann -- leictreachas --
Isteach sa bhaile agus amach arís,
Cosúil le lámha dofheicthe draíochta.
Leagfar na piolóin lá amháin: ní bheidh gá leo níos mó.
Chonaic mé, i mbrionglóid, an seanleictreachas ag snámh
Go doiléir faoi uiscí na n-aibhneacha agus na sruthanna,
Cosúil le héisc as ionad ag filleadh ar an bhfoinse.
LIONN DUBH
Tá an Dia maith ag cabhrú liom lionn dubh a thógáil as mo chroí
A chuir mise isteach ann ar an gcéad dul síos
Agus mé ag suí go ciúin i nGleann na Loire agus crainn lán le duilliúr
Mórthimpeall orm chomh maith le habhainn a ritheann go séimh.
MAR GHEALL AR AN OLLSHOLAS
Níl solas le fáil san ól, mise a bhí ciontach,
Níl faoiseamh le fáil ina leithéid de mhianach.
Tháinig, go tobann, slite go léir an Ollsholais
Le chéile nuair a bheannaigh bean uasal dom
Agus mé ag siúl agus ag dreapadh abhaile, tháinig
Na slite sin le chéile go dáiríre, go cineálta.
NA SÚILE
Níl ann ach na súile, na súile,
An solas sna súile, an fhearg sna súile,
An dóchas agus síocháin Dé.
Is é sin atá ann i ndeireadh na dála.
NE PARTEZ PAS SANS MOI
Ná fág gan mé. Bhí mé ag féachaint ar phictiúr díot
Agus dhealraigh sé go raibh tú ag gáire i mo threosa.
Ba mhian liom do aghaidh a fheiceáil
Ach tógann sé an méid sin ama.
Lá amháin. Lá amháin.
Ná fág gan mé. Tá mé anseo ag fanacht ort
Agus ar an ábhar sin déan cinnte gan a fhágáil
Agus mé féin taobh amuigh de do chomhluadar.
NÍ RAIBH SÍ ANN
D'fhéach mé ar an tsráid agus ní raibh sí ann.
D'fhéach mé sa ghealchathair, d'fhéach mé sa teampall,
D'fhéach mé i measc na mbláthanna agus ní raibh sí le fáil.
Ba istigh i mo chroí a chas mé, faoi dheireadh, uirthi.
NÍL ÉINNE ANSEO
Níl éinne anseo;
Tá siad go léir in áit éigin eile:
Tá siad áit éiginnte, idir an chinnteacht
Agus an Té a bhí cinnte...
NÍL I gCEIST ACH
Níl ann ach an leannán
Nach bhfuil ann ach san aimsir chaite
Um Cháisc
Sa tsamhlaíocht.
Níl ann ach an rothar
Leis an roth briste
Ag treabhadh ar an mbóthar
Go diongbháilte.
Níl ann ach an fharraige,
Fiáin i ngach aon ghlúin --
Éistimis anois le ceol
(Uasal) na mara.
Níl ann ach tusa
Agus an dromchla
Agus an solas
Atá uileláithreach.
Níl ann ach an ghrian
Agus muid ag dul in airde
Go humhal:
Í ag taitneamh anuas...
Níl ann ach mise,
Agus tusa,
Agus an grá atá agam
I mo chroí duit.
Ó A THÉ
A Thé! Tabhair dúinn an bóthar nua,
Sna laethanta buana.
Tá mé ag dreapadh an cnoc is airde
Le haghaidh sracfhéachaint ar an tírdhreach...
OSRÉALAÍOCH?
séipéil... muintir... sagairt naofa... leabhair rónaofa... crainn... bláthanna... gan spás... meánaoiseach... gan spás... fadó... in aisling.
PAIDIR
Tá mé go maith
Ar na laethanta seo:
Tá an fhulaingt
Thart --
Agus gabhaim buíochas
Le Dia
As gach aon
Uile rud.
PÍOSAÍ BEAGA BRISTE AN BHRIONGLÓID ATÁ ANOIS DEARMADTA
Tagann na nithe atá luaite sa teideal
Ar ais chugam agus iad niamhrach sa ghrian
Trasna na Stiocsa (is ea... an abhainn sin...)
Agus aníos ó stáisiún doiléir éigin de chuid na dtraenacha
Go maith faoi thalamh. Surréalisme!
Tagann sé sin díreach i gcomhar leis na rudaí nach bhfuil teibí ar chor ar bith
Agus tagann an cruatan
Go dtí an dromchla.
RITH I dTREO AN tSOLAIS
Ní gá ráiteas a dhéanamh.
Is ionann an ráiteas agus a bhfuil
Sa chroí istigh...
Tá an solas ag teacht anseo
Cosúil le tuile:
Go luath beidh an solas dár mbá.
Idir an dá linn, ní gá
Ach ár lámha a shíneadh chun tosaigh
Agus rith i dtreo an tsolais.
RÚNDIAMHAIR AN DORCHADAIS
D'éag sé. Cailleadh é. Chuaigh sé
Ar shlí ghalánta na fírinne
Nuair a thit sé sa dorchadas
Ar bhóthar uasal na ceanúlachta.
SAOIRE
D'fhágamar le chéile --
Mise agus Dad -- agus tháinig Maurice amach ar eitleán
Go dtí cúinne ghleoite seo na Fraince: Gleann na Loire.
Tá Máthair Muire inár gcomhluadar.
Tá an solas tar éis a theacht ar an bhfód:
Fan go bhfeice tú toradh álainn an tsolais mar
Tháinig an Té a tháinig ina Bhriathar amach as an bhfolús
Agus ní bheidh cúrsaí mar an gcéanna anois (buíochas!).
SAOIRSE
Níl... sa tsaoirse... ach scillingsaoirse
Nó, ar an lámh eile, an saoirse a thagann ó Dhia:
Gan an tsaoirse den saghas sin
Níl ann ach an scillingsaoirse --
A thagann ó pheann an fhile
Nó ó chomhrá nó ó bhuidéal fíona
Nó ón diabhal féin
Nó ó dhá nóiméad go leith
Caite i séipéal dorcha an bháis
Atá thart ar an solas.
SAOL
Níl ionam
Ach ponc san uilechríoch.
Ach tagann an domhan is a mháthair
Ag bualadh go hurlár.
SHREWSBURY
Tá m'athair sa seomra
Agus é ag eascainí
Agus ag caint leis féin
Os íseal.
Éiríonn mo smaointe
Suas san aer (Gaeilge shimplí)
Agus téann siad ar strae
Thall ansin i Sasana.
SIÚLÓID DHÁ MHÍLE A DHÉANAIM
Bím ag siúl anseo sa bhFrainc
Gach lá agus mé ar saoire le mo thuismitheoirí.
Fágaim Fresnay-sur-Sarthe ar bhonn rialta agus siúlaim
(De réir na Fraincise) "direction St.-Aubin."
Lána amuigh faoin tuath a leanaim agus cluas amháin amach agam
Le haghaidh na gcarranna agus mé ag éisteacht ar mo fón le Blondie.
Tá "allotments" nó páirceanna cois na Sarthe ar feadh an lána tuaithe seo
Agus an tírdhreach ar fad lán le glóir aoibhinn Dé. Nuair a bhím ar an tsiúlóid seo
Tagann gach ceann de na sruthanna, nó bealaí, thuasluaite seo le chéile
In tslí éagsúil a líonann mo chroí le hiontas.
SRÁIDEANNA OIRTHEARACHA
Tráthnóna ollmhór seo an deis atá gan chuimse...
Na laethanta úd a lean ar aghaidh agus ar aghaidh...
Tíortha i bhfad i gcéin uainn atá lán le mil is bronntanais
Agus a bheith de shíor ag rith ar shráideanna órga oirthearacha.
SROICHEADH CHUN NA SPÉIRE CHUN TABHAIRT SUAS
Níl ann ach an grá taobh istigh,
Laistigh den urlár, laistigh den spéir,
Laistigh den chith agus den eas.
Sroichim chun na spéire
Go simplí
Chun tabhairt suas.
TÁ MÉ MÓR LEAT AMÁRACH
Tá mé i grá leat amárach
Sa tsamhlaíocht
Atá ann ó tháinig go Gaelach
An t-iontas... amach... as an dorchadas.
TÁIMID AG FÁGÁIL LE CHÉILE
Táimid ag fágáil le chéile,
A spéirbhean, fiú nach bhfuil tú
Fós agam.
Táimid ag fágáil le chéile,
A Mháthair Mhuire, fiú nach bhfuil tusa
Fós i mo chomhluadar.
Táimid ag fágáil le chéile,
A Thiarna Jhesu, fiú nach bhfuil tú in éineacht liom
Ós rud é go mbíonn tú in éineacht liom.
TÉACS ATÁ BUNAITHE AR R.E.M.
Tá mé ag brú eilifinte suas an staighre,
Tá mé ag caitheamh amach grinn nach bhfuil ann fiú,
Laistiar díom ón áiléar titeann pianó go talamh,
Pléascann sé ar an urlár le fuaim dochreidte.
THÁINIG AN TÉ
Tháinig an Té a tháinig ina Bhriathar am-
ach as an bhfolús, tháinig, tháinig, agus
Bheannaigh sé mé ar mo ghualainn agus ní raibh
Cúrsaí mar an gcéanna go deo, tháinig, go deo.
TORADH ÁLAINN AN tSOLAIS
Tá an solas tar éis a theacht ar an bhfód --
Fan go bhfeice tú -- taispeánfaidh mé duit
Toradh an tsolais, toradh álainn an tsolais,
Obair chrua na n-aoiseanna
Agus é tagtha chun crích.
UAIGNEACH Ó AM GO hAM
Bím uaigneach ó am go ham
Ach ní bhím riamh caillte,
Toisc gur cruthaíodh mise
Ag an am céanna a cruthaíodh gach aon rud damanta eile,
Ag an tús nuair a tháinig,
Nuair a tháinig go Gaelach
Bláth dhóchas na todhchaí
Amach as ithir íseal an dorchadais!

A dúirt mé leis na blátha. Nach aoibhinn an íomhá seo? Tháinig sé mar chúlbhrat le mo ríomhaire.