"je suis ce cours de sable qui glisse"
je suis ce cours de sable qui glisse
entre le galet et la dune
la pluie d'été pleut sur ma vie
sur moi ma vie qui me fuit me poursuit
et finira le jour de son commencement
cher instant je te vois
dans ce rideau de brume qui recule
où je n'aurai plus à fouler ces longs seuils mouvants
et vivrai le temps d'une porte
qui s'ouvre et se referme
"my way is in the sand flowing" (translation by Beckett)
my way is in the sand flowing
between the shingle and the dune
the summer rain rains on my life
on me my life harrying fleeing
to its beginning to its end
my peace is there in the receding mist
when I may cease from treading these long shifting thresholds
and live the space of a door
that opens and shuts

Samuel Beckett (1906-1989)
EXEGESIS AS GAEILGE
Sa chéad líne deir an cainteoir gur cúrsa gainimh é a ghluaiseann go han-tapaidh. Tá sé ar nós gainimh agus, más maith leat, tá gach rud osréalaíoch -- mar níl sa chainteoir ach an cúrsa gainimh áirithe seo. Tá an gaineamh ag gluaiseacht ar aghaidh go han-tapaidh in aice leis an bhfarraige, agus tá an bháisteach ag titim ar shaol an chainteora.
Titeann an bháisteach, áfach, ar an gcainteoir agus í ag titim ar shaol an chainteora -- saol atá ag éalú uaidh agus atá ag druidim isteach leis ag an am díreach céanna. Agus ní chríochnóidh an ghluaiseacht seo, gluaiseacht shaol an chainteora, ach an lá a thosaíonn sé. (Síorathrú atá i gceist.)
Mar sin, tá an bháisteach ag titim ar shaol an chainteora an t-am ar fad ach ag an am céanna ní chríochnóidh an saol sin ach an lá a thosaíonn sé. (Tá sé ag éalú ón gcainteoir agus tá sé ag druidim isteach leis an gcainteoir ag an am céanna.)
Sa dara véarsa, ansin, deir an cainteoir, "cher instant je te vois" -- nóiméad nó am iontach áirithe. Am iontach, feicim thú -- agus is istigh sa cheo atá sé. Ach tá an ceo féin ag éalú ón gcainteoir an t-am ar fad ("qui recule"). Is sa cheo féin a bheidh síocháin de shaghas éigin ag an gcainteoir -- istigh sa cheo ní bheidh ar an gcainteoir níos mó siúl ar na tairseacha fada a bhíonn ag síorghluaiseacht ag an am céanna a bhfuil an cainteoir, agus é tuirseach, ag siúl orthu.
Ar an ábhar sin, beidh síocháin ag an gcainteoir ó na tairseacha a ghluaiseann. Beidh síocháin áirithe ag an gcainteoir istigh sa cheo toisc gur istigh sa cheo atá an "cher instant" a fheiceann an cainteoir i nóiméad míorúilteach.
Éalóidh an cainteoir ó na tairseacha damanta atá i gceist ag an uair iontach a luann sé -- atá folaithe, más maith leat, istigh sa cheo. Is ansin a bheidh an cainteoir ag maireachtáil "le temps d'une porte." Is ansin, istigh sa cheo -- ag an uair "thar a bheith iontach" sin -- a bheidh an cainteoir ag maireachtáil go deo na ndeor. Is am dorais a mbeidh an cainteoir ag maireachtáil -- doras a osclaíonn, áfach, chun dúnadh arís nó athuair ("qui s'ouvre et se referme"). I ndeireadh na dála, dúnann an doras (go díreach) tar éis dó oscailt.
I mo thuairim féin, tá spioradáltacht ag baint leis an ráiteas sin, sa líne áirithe sin, go n-osclaíonn an doras le dúnadh arís. Dúirt Íosa -- an té áirithe sin! -- gur doras atá ann; "I am the door" (KJV). An doras atá i gceist sa téacs: bíonn an doras sin athuair agus athuair eile ag oscailt, ag síoroscailt, agus ansin ag dúnadh athuair. I mo thuairim phearsanta, tá spioradáltacht éigin ag baint leis an ráiteas sin sa líne deireanach den téacs. Tá a fhios ag an saol gur aindiachaí (agus níor Chríostaí nó ceartchreidmheach d'aon saghas) a bhí in Samuel Beckett... ach tá sé suimiúil, i mo thuairim féin, go ndéanann Beckett sa téacs atá i gceist an chomparáid idir an tsíocháin a aimseoidh sé (an cainteoir) agus "spás baoth-thonnach" ("que ferais-je sans ce monde") an dorais. Tá súil agam go bhfuil cíoradh gairid déanta agam ar an téacs.
Leagan audio 1
Leagan audio 2
Leagan audio 3